Photo AI
Last Updated Sep 26, 2025
Revision notes with simplified explanations to understand Íomhánna quickly and effectively.
252+ students studying
Remember to use relevant quotes to support your points. The full poem will be printed on the exam paper, so no need to worry about memorising the quotes!
Feicimid go bhfuil an spailpín tinn tuirseach den saol atá á caitheamh aige agus é beo bocht ar fad.
Deireann sé go bhfuil sé ag brath go huile is go hiomlán ar a shláinte chun maireachtáil, 'ag seasamh ar mo shláinte'.
Buailtear tinn é go minic, ' 's ag bailiú galair ráithe' .
Cinnte, níl saol easca aige- caithfidh sé éirí go luath gach maidin agus siúl tríd an fhéir fliuch ag lorg oibre, ' ag siúl an drúchta go moch ar maidin'__.
Is léir go bhfuil sé bréan den shaol dian atá aige agus go bhfuil fearg mhór air go gcaithfidh sé dul ag sclábhaíocht do dhaoine eile.
I gcás an spailpín, teastaíonn uaidh dul ag troid leis na 'Croppies' san éirí amach in aghaidh éagóir na Sasnach.
Féicimid gur chaith an spailpín a laethanta ag dul ó áit go háit ag lorg oibre.
Mar shampla, siúlann sé ó 'Chluain Meala' go 'Tiobraid Árainn'.
Oibríonn sé gan stad gan staonadh- oibríonn sé go dian dicheallach.
Ach, i gcás an spailpín, is léir gur oibrí maith é agus go bhfuil sé brodúil as an obair a dhéanann sé.
Ceapann sé go bhfuil sé níos fearr ná einne eile ach, toisc go bhfuil sé bocht, níl aon rogha aige ach dul ag obair leis na bodairí seo, 'i gCallain go dlúth 's mo shúiste im ghlaic/ ag dul chun tosaigh ceard leo'.
Tá saol agus cás truamhéalach ag an spailpín- cé gur oibrí maith é, níl meas madra ag na feirmeoirí nó aon duine eile air, 'Sin chu'ibh an spailpín fánach'.
I véarsa a trí, cuireann an file saol agus cás an spailpín ós ár gcomhair arís. Bíonn ar an spailpín suí cois balla, ag fanacht ar thairiscint oibre ó bhodaire ar chapaill, 'ná ar mhargadh na saoire im shuí cois balla'.
Faighimid léargas brónach ar chás an spailpín, 'ag díol ná ag reic mo shláinte'.
Tá meafair láidir sa líne seo- feicimid íomhá truamhéalach den spailpín bocht agus é ag íobairt a shlainte ar mhaithe le pá lae ar nós is gur earra le trádáil a bhí ann.
Braithimid an t-uaigneas agus an easpa díníte a bhaineann lena shaol. Feicimid an chodarsnacht idir a shaol agus saol na bhfeirmeoirí saibhre 'ar a gcapaill'.
Tá an spailpín seo bréan bailithe den dúshaothrú, den shaol agus den chás.
Áfach, ag deireadh an lae, glacann an spailpín a chinniúint agus leanann sé an feirmeoir chuig an chéad post eile. Bíonn ar leanúint ar aghaidh, ag fulaingt agus ag streachailt ó lá go lá.
Enhance your understanding with flashcards, quizzes, and exams—designed to help you grasp key concepts, reinforce learning, and master any topic with confidence!
90 flashcards
Flashcards on Íomhánna
Revise key concepts with interactive flashcards.
Try Irish Flashcards29 questions
Exam questions on Íomhánna
Boost your confidence with real exam questions.
Try Irish Questions27 exams created
Exam Builder on Íomhánna
Create custom exams across topics for better practice!
Try Irish exam builder174 papers
Past Papers on Íomhánna
Practice past papers to reinforce exam experience.
Try Irish Past PapersDiscover More Revision Notes Related to Íomhánna to Deepen Your Understanding and Improve Your Mastery
96%
114 rated
An Spailpín Fánach
An Spailpín Fánach: English Translation
223+ studying
189KViewsJoin 500,000+ Leaving Cert students using SimpleStudy...
Join Thousands of Leaving Cert Students Using SimpleStudy to Learn Smarter, Stay Organized, and Boost Their Grades with Confidence!
Report Improved Results
Recommend to friends
Students Supported
Questions answered