Tréithe an Bhéaloidis Simplified Revision Notes for Leaving Cert Irish
Revision notes with simplified explanations to understand Tréithe an Bhéaloidis quickly and effectively.
Learn about Oisín i dTír na n-Óg for your Leaving Cert Irish Exam. This Revision Note includes a summary of Oisín i dTír na n-Óg for easy recall in your Irish exam
228+ students studying
Oisín i dTír na n-Óg Quizzes
Test your knowledge with quizzes.
Oisín i dTír na n-Óg Flashcards
Practice with bite-sized questions.
Oisín i dTír na n-Óg Questions by Topic
Prepare with real exam question.
Tréithe an Bhéaloidis
Is scéal béaloidis é seo agus tá go leor tréithe an bhéaloidis le feiceáil ann.
This is a folk tale and many characteristics of folklore can be seen in it.
An uimhir trí (The number three)
Áibhéil agus draíocht (Exaggeration and magic)
Forlámhas na mban (The dominance of women)
An Chríostaíocht (Christianity)
An laochas agus an chrógacht (Heroism and bravery)
An Uimhir Trí
Tá tábhacht ag baint leis an uimhir seo sna scéalta béaloidis. Tá an scéal seo breac le samplaí den uimhir trí.
The number three is important in the story. This story is full of examples of the number three.
Feicimid ag tús an scéil go raibh trí chéad fear i nGleann na Smól.
We see at the beginning of the story that there were three hundred men in Gleann na Smól.
Lig Fionn agus na Fianna trí gháir astu nuair a d'fhág Oisín Éire.
Fionn and the Fianna let out three cheers when Oisín left Ireland.
Níos déanaí sa scéal, chaith Oisín trí lá agus trí oíche ag troid leis an bhfathach, An Fómhair Builleach, agus shábháil sé iníon an Rí.
Later in the story, Oisín spent three days and three nights fighting the giant, An Fómhair Builleach, and saved the king's daughter.
Bhí triúr páistí ag Oisín agus Niamh: Fionn, Oscar agus Plúr na mBan.
Oisín and Niamh had three children: Fionn, Oscar agus Plúr na mBan.
Nuair a bhí Oisín ag filleadh go hÉirinn, thug Niamh trí rabhadh dó gan a chosa a chur ar an talamh.
When Oisín returned to Ireland, Niamh gave him three warnings to not to put his feet on the ground.
Mar sin, is léir go bhfuil dlúthbhaint ag an uimhir trí leis an scéal seo, agus is sampla den scoth é seo den bhéaloideas.
Therefore, it is clear that the number three is closely related to this story, and this is an excellent sample of folklore.
Áibhéil agus Draíocht
Tá áibhéil agus draíocht fite fuaite sa scéal béaloidis seo.
Exaggeration and magic are interwoven in this story.
Feicimid é seo nuair a chuaigh Oisín agus Niamh go Tír na nÓg ar an "each"(capall) bán.
We see this when Niamh and Oisín go to Tír na nÓg on the white horse.
Is féidir leis an gcapall eitilt trasna na farraige gan aon stró. The horse can cross the water without any difficulty.
Léirítear an draíocht arís nuair a chuir Niamh Oisín faoi gheasa chun dul go Tír na nÓg. Ina theannta sin, is áit dhraíochtúil í Tír na nÓg ; níor éirigh aon duine sean nó tinn ann.
Magic is shown again when Niamh puts Oisín under a spell so that he goes to Tír na nÓg. Additionally, Tír na nÓg is a magical place; no one gets old or sick there.
Chaith Oisín na céadta bliain ann, ach nuair a tháinig sé thar nais go hÉirinn bhí sé chomh hóg is a bhí sé riamh.
Oisín spent many years there. but when he returned to Ireland he was as young as he ever was.
Feicimid an áibhéil nuair a chuaigh Oisín go Gleann na Smól – bhí trí chéad fear ag baint chloch, agus roinnt dóibh ag titim i laige!
We see the exaggeration when Oisín goes to Gleann na Smól- three hundred men were trying to move a rock and some of them were fainting!
Cuirtear níos mó béime ar an áibhéil ansin, mar bhí Oisín ábalta an chloch a chaitheamh gan aon stró!
There is then further emphasis on exaggeration, because Oisín was able to throw the rock without any struggle.
Feicimid sampla iontach eile den draíocht nuair a thit Oisín den chapall. Rinneadh seanfhear liath dall dó!
We see another great example of magic when Oisín falls off of the horse. He turns into an old, grey, blind man.
Mar sin, baintear úsáid den scoth as an draíocht agus an áibhéil sa scéal seo.
There is excellent use of exaggeration and magic in this story.
Forlámhas na mBan
Feicimid forlámhas na mban sa scéal seo i gcarachtair Niam. Is bean údarásach, chumhachtach í ón osnádúrtha.
We see the dominance of the women in the story in the character of Niamh. She is an authoritative, powerful woman from the supernatural.
Is bean cheanndána, neamhspleách í- tagann sí léi féin, ar a capall bán, ó Thír na nÓg go hÉirinn. Níl aon leisce uirthi iarradh ar Oisín a athair agus a chairde in Éirinn a fhágáil chun saol a chaitheamh léi i dTír na nÓg.
She is a headstrong, independent woman – she comes on her own, on a white horse, from Tír na nÓg to Ireland. She has no hesitation in asking Oisín to leave his father and friends in Ireland to spend his life with her in Tír na nÓg.
Ní bhogann sise go hÉirinn d'Oisín. Bhí air a chairde agus a ghaolta a fhágáil chun dul léi.
She doesn't move to Ireland for Oisín. He had to leave his friends and relations to go with her.
An Chríostaíocht
Níor ceadaíodh draíocht ná geasa i ndomhan na Críostaíochta. Tá teannas idir domhan na págántachta i gcroílár an scéil agus domhan na Críostaíochta ag deireadh an scéil nuair a bhuaileann Oisín le Naomh Pádraig.
Magic or spells were not allowed in the Christian world. There is tension between the pagan world at the heart of the story and the Christian world at the end of the story, when Oisín meets Saint Patrick.
Is duine flaithiúil é Naomh Pádraig mar éisteann sé le scéalta Oisín. Ach, b'é ceann de na príomhchuspóirí a bhí ag Naomh Pádraig ná daoine a thabhairt ó dhomhan na págántachta go domhan na Críostaíochta.
Patrick is a generous person because he listens to Oisín's stories. But, one of the main aims of Saint Patrick was to move people from the pagan world to the Christian world.
Míníonn Naomh Pádraig soiscéal Dé dó, agus geallann sé d'Oisín go bhfuil áit tuillte aige ar Neamh.
Saint Patrick explains the Gospel of God to him, and he promises Oisín that he has earned a place in Heaven.
An Laochas agus an Chrógacht
Bíonn ról lárnach ag an laochas agus an chrógacht sna scéalta béaloidis, agus ní haon eisceacht é an scéal seo.
Heroism and bravery play a central role in folklore stories, and this story is no exception.
Is laoch cróga é Oisín. Tá taithí ar throid aige. Tá sampla iontach de laochas sa scéal nuair a mharaigh Oisín an fathach, Fómhar Builleach, agus scaoil sé saor iníon an Rí.
Oisín is a brave hero. He has fighting experience. There is an excellent example of heroism in the story when Oisín kills the giant, Fómhar Builleach, and frees the king's daughter.
Freisin, feicimid an chrógacht nuair a d'fhág Oisín Tír na nÓg. Cé gur thug Niamh trí rabhadh d'Oisín mar gheall ar filleadh go hÉirinn, fós bhí fonn ar Oisín dul thar nais.
Also, we see bravery when Oisín left Tír na nÓg. Even though Niamh gave three warnings to Oisín about returning to Ireland, Oisín still wanted to go back.
Is léir ón rabhadh a thug Niamh dó go mbeadh an turas seo dainséarach d'Oisín, ach fós bhí an misneach aige Tír na nÓg a fhágaint.
It is clear from the warning that Niamh gave him that this trip would be dangerous for Oisín, but he still had the courage to leave Tír na nÓg.
Only available for registered users.
Sign up now to view the full note, or log in if you already have an account!
500K+ Students Use These Powerful Tools to Master Tréithe an Bhéaloidis For their Leaving Cert Exams.
Enhance your understanding with flashcards, quizzes, and exams—designed to help you grasp key concepts, reinforce learning, and master any topic with confidence!