Litir Neamhfhoirmiúil (Junior Cert Irish): Model Answers
Cárta Poist
Haigh a Phóil/ Sheáin/ Mháire,
Tá an cárta poist seo ag teacht chugat ón Spáinn. Tá mé anseo le coicís/seachtain anuas agus tá mé ar mo sháimhín só ó shin i leith. Tá teach ar cíos againn in aice na trá anseo agus bíonn radharc álainn na farraige le feiceáil gach maidin. Chuir muintir an bhaile seo fáilte mhór romham nuair a tháinig mé.
Bíonn scamaill bheaga bhána ag trasnú na spéire gach lá ach ní bhíonn sé riamh ag cur báistí. Níl cóta báistí ag teastáil uaim anseo! Is breá liom an Spáinn mar gheall ar an aimsir dheas agus an bia blasta. Taitníonn bia Spáinneach go mór liom ach braithim uaim bia Éireannach anois is arís. Bhuail mé le muintir an cheantair agus bhí mé ag cleachtadh mo chuid Spáinnise leo. Is maith liom nósanna agus cultúr na tíre seo. Bhí mé ag rince inné, creid é nó ná creid!
Inné, chuamar ag siopadóireacht i lár an bhaile agus amárach rachaimid ag spaisteoireacht ar an trá. Bhí tapas agam le déanaí, bhí mé lán go béal ar feadh an lae!
Beidh mé sa bhaile i gceann seachtaine. Buailfidh mé leat ag an aerfort!
Slán tamall,
Lara
Hi Paul/ Seán/ Mary,
This postcard is coming to you from Spain. I've been here for a fortnight/week now and I've been completely relaxed ever since. We've rented a house near the beach here and there's a beautiful view of the sea every morning. The people of the town gave me a great welcome when I arrived.
Small white clouds cross the sky every day but it never rains. I don't need a raincoat here! I love Spain because of the lovely weather and the tasty food. I really enjoy Spanish food, but I do miss Irish food now and again. I met the local people and was practising my Spanish with them. I like the customs and culture of this country. I was dancing yesterday, believe it or not!
Yesterday, we went shopping in the town centre and tomorrow we'll go for a walk on the beach. I had tapas recently—I was full to the brim all day!
I'll be home in a week. I'll meet you at the airport!
Bye for now,
Lara