Aiste (Essay) (Leaving Cert Irish): Model Answers
An Timpeallacht
I dtús na haiste seo, lig dom míniú a thabhairt ar an bhfocal "Timpeallacht".
At the beginning of this essay, let me explain the word "Environment".
Bhuel, ar ndóigh, baineann an timpeallacht le gach rud atá timpeall nó thart orainn. Má fhéachaimid thart orainn féin, feicfimid na radharcanna áille agus an duíche mórthimpeall. Tá na sléibhte, na haibhneacha agus na farraigí timpeall orainn agus is áiseanna fíor thábhachtacha iad sin san domhan ina mairimid.
Well, of course, the environment is about everything that is around us. If we look around ourselves, we will see the beautiful views and the surrounding countryside. The mountains, rivers and seas are all around us and they are really important facilities in the world we live in.
Tá aer úr, folláin riachtanach don bheatha agus cinnte nuair a scríobhann mé faoin timpeallacht beidh mé ag smaoineamh faoin aer a bhíonn le hanálú againn gach lá. Is í an timpeallacht an mhaoin is luachmhaire dá bhfuil againn. Is léir go gcaithfimid aire a thabhairt di agus go gcaithfimid í a chaomhnú dona glúinte a thiocfaidh inár ndiaidh.
Fresh, healthy air is essential to life and certainly, when I write about the environment I will be thinking about the air that we have to breathe each day . The environment is our most valuable resource. It is clear that we have to take care of it and that we have to preserve it for the generations that will come after us.
Tógaimis i dtosach mo scoil féin. Is dalta Ardteiste mé agus tá taithí phearsanta agam ar an ábhar seo. Cúpla bliain ó shin, cuireadh feachtas ar siúl chun brat glas a fháil don scoil. Cuireadh coiste ar bun agus thosaigh na daltaí ag obair go díograiseach. Rinneadh gach iarracht deireadh a chur leis na drochnósanna sa scoil. Cuireadh an-bhéim ar chúrsaí athchúrsála. Ní bhacann na daltaí le guma coganta a thuilleadh agus má chaitheann dalta bruscar gan chúis, coiméadfar siar é tar éis scoile.
Let's take my own school first. I am a Leaving Certificate student and I have personal experience with this subject. A few years ago, a campaign was launched to get a green flag for the school. A committee was set up and the students began to work enthusiastically. Every effort was made to put an end to the bad habits the school had. Great emphasis was placed on recycling. Pupils no longer bother with chewing gum and if a pupil litters without reason, they will be kept after school.
Áfach, tá a fhios againn gur iomaí fadhb atá amuigh ansin maidir leis an timpeallacht. Is iomaí cineál truaillithe atá ann. Cloisimid sna meáin gach lá faoin téamh domhanda agus foghlaimímid sna ranganna tíreolaíochta go bhfuil an plainéad seo ag téamh. Cinnte, tá an aeráid ag athrú. Déanaimid dochar don Ózón agus níl sé ábalta muidne a chosaint ón ngriain a thuilleadh. Tá an brat Ózón á ídiú ag na gáis CFC agus táimid ag cur ár saolta i mbaol.
However, we know that there are many problems out there in relation to the environment. There are many types of pollution. We hear in the media every day about global warming and we learn in geography classes that this planet is getting hotter. Certainly the climate is changing. We have damaged the Ozone and it is no longer able to protect us from the sun. The CFC gases are depleting the Ozone layer and we are putting our lives at risk.
Is fadhb mhór í truailliu an aeir freisin. Gach lá úsáideann an cine daonna breoslaí mar ghual agus ola. Ní dhéanann siad mórán maithis don domhan. Scaoileann siad gáis nimhneacha isteach san atmaisféar. Ní mór dúinn teacht ar bhealaí eile chun fuinneamh a dhéanamh. Táim dóchasach faoin todhchaí. Tá líon na ndaoine a bhaineann úsáid as fuinneamh gréine chun a gcuid uisce a théamh sna tithe ag fás agus tá muilte gaoithe le feiceáil anois timpeall na tíre.
Air pollution is also a major problem. Every day mankind uses fuels such as coal and oil. They don't do much good for the world. They release toxic gases into the atmosphere. We need to find other ways to make energy. I am optimistic about the future. The number of people using solar energy to heat their water in their homes is growing and windmills are now appearing around the country.
Tá fadhb againn le truailliú an uisce freisin. Truaillíonn ola ó na tancaeir mhóra agus ceimiceáin ó na monarchana ár n-aibhneacha ach is ag ag feabhsú ata an scéal. Na blianta ó shin, bhíodh ár n-aibhneacha lán le málaí plaisteacha ach anois níl na málaí plaisteacha chomh flúirseach is a bhídís. Bhí dea -smaoineamh ag an Rialtas; chuir siad cáin ar na málaí plaisteacha; níl siad saor in aisce a thuilleadh. Má tá mála plaisteach uait, caithfidh tú íoc as anois.
We also have a problem with water pollution. Oil from the big tankers and chemicals from the factories pollute our rivers but the situation is improving. Years ago our rivers used to be full of plastic bags but now the plastic bags are not as abundant as they used to be. The Government had a good idea; they put a tax on the plastic bags; they are no longer free. If you need a plastic bag, you have to pay for it now.
Tá sé de dhualgas orainn aghaidh a thabhairt ar cheist na timpeallachta agus obair le chéile ar a son. Tá sé de dhualgas orainn é a dhéanamh mar cónaímid san domhan seo. Tá fadhbanna againn faoi láthair ach táimid ag obair go dian mar aithnímid na fadhbanna sin. agus beidh feabhas ag teacht, ceapaim féin.
It is our duty to address the issue of the environment and put in the work. It is our duty to do it because we live in this world. We have problems at the moment but we are working hard because we recognise those problems. I think that things will improve.
Essential Phrases These sentences can be adapted and used in many of your essays:
-
I dtús na haiste seo, lig dom míniú a thabhairt ar an bhfocal "Timpeallacht". At the beginning of this essay, let me explain the word "Environment".
-
Is dalta Ardteiste mé agus tá taithí phearsanta agam ar an ábhar seo. I am a Leaving Certificate student and I have personal experience with this subject.
-
Cloisimid sna meáin gach lá faoin téamh domhanda. We hear in the media every day about global warming.