Íomhánna
Baineann an file úsáid as íomhánna soiléire sa dán seo. -The poet uses clear images in this poem.
Íomhá a haon (Image one)
| Taitníonn an íomhá le Jeaic ag fanacht ag stad an bhus leis féin go mór liom. | I really like the image of Jeaic waiting at the bus stop by himself. |
|---|
| Faighimid íomhá den mháthair ag fágáil slán le Jeaic, agus í ag casadh droim leis, gan é a phógadh. | We get an image of the mother saying goodbye to Jeaic, and turning her back to him, without kissing him. |
| Casann sí timpeall agus siúlann sí abhaile. | She turns around and she walks home. |
| Bíonn Jeaic ag iarraidh fanacht ina aonar. | Jeaic wants to wait on his own. |
| "I'll wait by myself" a deir Jeaic. | "I'll wait by myself" says Jeaic. |
| Léiríonn an íomhá seo crógacht Jeaic. | This image shows Jeaic's bravery. |
Íomhá a dó (Image two)
| Léirítear grá atá ag an bhfile dá mac san íomhá ina bhfuil sí ag féachaint amach an fhuinneog ar Jeaic. | The love the poet has for her son is shown in the image in which she is looking out the window at Jeaic. |
|---|
| Tá sí ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuil Jeaic ceart go leor ag fanacht ina aonar. | She wants to be sure that Jeaic is ok waiting on his own. |
| Is íomhá grámhar í seo. | This is a loving image. |
Ról an Íomhá
| Tá ról láidir ag an íomhá seo den mháthair i gcur i láthair an téama. | This image of the mother plays a strong role in the presentation of the theme. |
|---|
| Bhí Jeaic ag iarraidh fanacht ina aonar ag stad an bhus gan a mháthair. | Jeaic wanted to wait alone at the bus stop without his mother. |
| Tugann sí cead dó fanacht ina aonar. | She gives him permission to wait on his own. |
| Ach nuair a shroicheann sí an teach, bíonn sí ag féachaint amach an fhuinneog. | But when she reaches the house, she looks out the window. |
| Léiríonn an íomhá seo an grá mháithreachais sa dán. | This image shows the love of motherhood in the poem. |
