Achoimre (Summary) (Junior Cert Irish): Revision Notes
Achoimre (Summary)
| Lá amháin, bhí an file ag feitheamh leis an mbus i mBaile Átha Cliath. | One day, the poet was waiting for the bus in Dublin. |
|---|---|
| Ní raibh sé cinnte cén t-am a thiocfadh an bus agus mar sin, thóg sé amach a fhón póca. | He was not certain what time the bus would come and so he took out his mobile phone. |
| Bhrúigh sé ar aip ar an scáileán; bhí sé ag iarraidh amchlár an bhus a aimsiú. | He pressed an app on the screen-he was trying to find the bus timetable. |
| Ach, fad is a bhí sé ag cuardach ar a fhón, thánig an bus. | But, while he was searching on his phone, the bus came. |
| Creid é nó ná creid, ach níor stop an tiománaí• d'imigh se thar bráid. | Believe it or not, the driver did not stop-he drove past. |
| Chonaic an file radharc 'fíor-ama', sé sin an tiománaí ag stánadh air agus é fós ag tiomáint thart. | The poet saw a 'real time' scene, that of the driver staring at him as he drove past. | | Is ag an nóiméad sin a bhí a fhios aige go raibh sé gafa leis an bhfón. | It was at that moment that he knew he was addicted to the phone. | | Bhí sé chomh ghafa nár chuir sé a ordóg amach chun an bus a stopadh. | He was so addicted that he had not put his thumb out to stop the bus. |
| D'fhoghlaim sé ceacht an lá sin, ceacht an-tábhachtach • sa lá atá inniu ann, tá daoine ró-ghafa leis an teicneolaíocht. | He learned a lesson that day, a very important lesson• today, people are too caught up in technology. |
