Jon Green (Junior Cert Irish): Revision Notes
📚 Revision Notes
Jon Green (James)
Duine an-Dainséarach (A Very Dangerous Person)
| Próifíl bhréagach is ea jongreen. | Jongreen is a fake profile. |
|---|---|
| Is creachadóir agus péidifileach é jongreen sa ghearrscéal seo. | Jongreen is a predator and paedophile in this short story. |
| Is duine an-dainséarach é. | He's a very dangerous person. |
| Is fear meánaosta é ach ligeann sé air gur buachaill óg sé bliana déag d'aois é chun cailín óg a mhealladh. | He is a middle aged man but pretends to be a young boy of sixteen to attract a young girl. |
Glic agus Bréagadóir (Sly and a Liar)
| Dar leis, tá sé ar an bhfoireann rugbaí na scoile agus tá sé ina chónaí amuigh faoin tuath. | According to him, he is on the school rugby team and he is living out in the countryside. |
|---|---|
| Is bréagadóir é. Insíonn sé mórán bréag do Kat. | He is a liar. He tells a lot of lies to Kat. |
| Shíl sé go raibh cailín óg soineanta aimsithe aige. | He thought he had found a young, innocent girl. |
| Chuir sé brú millteanach ar Kat a seoladh baile agus a huimhir theileafóin a insint dó. | He put extreme pressure on Kat to tell him her home address and phone number. |
| Mheall sé í chun bualadh leis. | He lured her to meet him. |
Coirpeach (Criminal)
| Tá an fear seo daichead a sé bliana d'aois. | This man is forty six years old. |
|---|---|
| Nuair a bhuail sé le Kat, thug sé cuireadh di dul abhaile leis. | When he met Kat, he asked her to come home with him. |
| Thairg sé alcól di freisin. | He also offered her alcohol. |
| Thuig an fear seo go raibh an cailín ceithre bliana déag d'aois. | This man understood that the girl was fourteen years old. |
| Thuig sé go raibh sé ag briseadh an dlí, ach ba chuma leis. | He understood he was breaking the law, but he didn't care. |
| Duine suarach, claon, olc is ea é. | He is a wretched, perverse, evil person. |
| D'éalaigh sé mar níor ghlaoigh Kat ar na gardaí. | He escaped because Kat didn't call the guards. |