Kitikat (Junior Cert Irish): Revision Notes
📚 Revision Notes
Kitikat
Óg agus Soineanta (Young and Innocent)
| Is duine mímhacánta í KitiKat. | KitiKat is a dishonest person. |
|---|---|
| Nuair a bhíonn sí ag caint ar líne le Jon Green, ligeann sí uirthi gur cailín óg, soineanta í. | When she is talking online to Jon Gree, she pretends to be a young, innocent girl. |
| Dar léi, níl sí ach ceithre bliana déag d'aois. | According to her, she's only fourteen years old. |
| Níl aon taithí aici ar an saol ná ar chaidrimh le buachaillí. | She has no experience in life or in relationships with boys. |
| Deir sí go mbíonn sí gnóthach tar éis na scoile i gcónaí agus nach mbíonn an seans aici bualadh le buachaillí ach an oiread. | She says she is always busy after school and she doesn't get the chance to meet boys either. |
Cliste (Clever)
| Ach ní mar a shíltear a bhítear agus feicimid go bhfuil Kat an-chliste agus an-fhéinmhuiníneach. | But its not as it seems and we see that Kat is very clever and very self-confident. |
|---|---|
| I ndáiríre is cailín éirimiúil, cliste í a bhuaileann bob ar jongreen. | In reality, she is a smart, intelligent girl who plays a trick on Jongreen. |
| Is duine ceanndána í freisin. Níl eagla uirthi roimh an bhfear meánaosta. | She is also a headstrong person. She is not afraid of the middle aged man. |
| Tá an lámh in uachtar aici i gcónaí. | She always has the upper hand. |
Lochtach (Blameworthy)
| Ní duine gan locht í, áfach. | However, she is not a person without blame. |
|---|---|
| Briseann sí fón jongreen. | She breaks jongreen's phone. |
| Cé go bhfuil sé seo tuillte go maith aige, ba cheart don chailín glaoch a chur ar na gardaí. | Even though this is well deserved, the girl should have called the guards. |
| Tá seans ann go ndéanfaidh jongreen an rud céanna arís. | There's a chance that jongreen will do the same thing again. |
| Bhí seans ag Kat é a stopadh ach níor stop sí é. | Kat had a chance to stop him but she didn't. |
| Baineann sí leas as an suíomh chun a chuid airgid ar fad agus a fhón a ghoid de. | She takes advantage of the situation to steal all his money and his phone. |